School: Ceathrú Gabhann

Location:
Carrowgowan, Co. Mayo
Teacher:
Brian Mac Dhuarcáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0121, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0121, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Gabhann
  2. XML Page 281
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D'innis mo athair an sgéal seo dom. Bhí fear darbh ainm Tomás mac Ghabhann ina chómhnuide timcheall dáchad bliadhain ó shoin suas in Alt an Fhiaidh - sin baile fearainn atá suidhte ar an taobh theas de'n pharáiste seo bocht - thóla. Bhí sé pósta agus bhí clann mac aige, acht timcheall deich mbliadhna roimhe sin cailleadh a bhean, agus bhí an fear bocht fághtha leis féin. Annsin d'imthigh a chlann mac leo thar lear :go go Sasana. Bhí se ag eirghe aosta agus lag. Níor chabhruigh a chlann mac é agus bhí sé ag teacht go cruaidh air an cíos d'íoc. Faoi deiread thiar thall díbrigheadh é as a chuid talmhan, agus b'eigean dó dul isteach ins an bportach le Ait cómhnuidhe a dhéanamh, dó féin.
    Cár déin sé a theaichín acht ar droichead beag a bhí déanta os cionn srúthán do bhí ag dul tríd an bportach. Nuair a bhí an bothán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac an Déisigh
    Gender
    Male
    Address
    Bohola, Co. Mayo