School: Tón Ruadh (roll number 12809)

Location:
Tonroe, Co. Mayo
Teacher:
Máirtín Ó Giobaláin

Filter stories

Back
/ 162 Forward
Resolution: Low | High
Drochaimsir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0115, Page 59

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ghníonn storm mór a lán dochair do gach duine agus do gach rud. Is minic a chuala mé mo shean mháthair a rádh go leór rud fá an storm mór.
Thárla an storm mór sin i mí na Márta i mblíadhain a h-ocht déag tríochadh is a naoí. Rinne sé a lán dochair do gach duine. Do sheas sé timcheall ceathramhadh uaire. Do rinne sé damáiste do tighthibh agus do leag sé stábla na mbeithidheach thart timcheall gach tíghe. Na báid a bhí amuigh ar an bhfairrge cailleadh íad agus na daoiní a bhí ionnta cailleadh íad freisin. Nuair a bhí an storm thart ní raibh ach cúpla crann fágtha i ngach coill thart timcheall na h-áite. Bhí an gaoth cómh láidir sin is do leag sé beagnach gach crann i ngach coill. Níor cailleadh duine ar bith san storm sin timcheall na h-áite seo.
Is minic a chuala mo shean mháthair a rádh go leór rud fá storm a bhí cúpla blíadhain ina dhíaidh sin. Bhí an storm sin beagnach cómh mór leis an storm a bhí i mblíadhain a hocht déag tríochadh ’is a naoi agus rinne sé níos mó dochair. Do sheas sé timcheall

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Searraigh
Gender
female
Address
Ballintadder, Co. Mayo
Informant
Edward Connor
Gender
male
Age
74
Occupation
farmer
Address
Ballintadder, Co. Mayo
Language
Irish