School: Tón Ruadh (roll number 12809)

Location:
Tonroe, Co. Mayo
Teacher:
Máirtín Ó Giobaláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0115, Page 48

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0115, Page 48

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tón Ruadh
  2. XML Page 48
  3. XML “Baile an tSeadaire - Ballintadder”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. ’Sé Baile an t Seadaire an Bailefearann in a bhfuil mé i mo chómhnaidhe. Tá sé suidhte ar an taobh theas de’n sgoil.
    Luigheann sé leath bhealaigh idir dhá bhóthar mhóra. Tá bóthar ag rith ó Bhealach a’ Doirín go dtí Baile Chathail ar an taobh theas de agus tá bóthar ag rith ó Bhaile Chathail go dtí Baile an Bhóta ar an taobh thuaidh de.
    Tá talamh maith i n-áiteachaibh ach tá áiteacha eile go bhfuil an talamh bog ríascach agus portamhail. Tá timcheall deich dtíghthe ann ar fad.
    Adeirtear go bhfuair sí a ainm Baile an t Seadaire ó fhear gaisgeamhail láidir a bhí ann fadó. An seadaire a bhí mar ainm air agus adeireann na daoiní gur cuireadh Baile an t Seadaire ar an mbailefearann mar gheall ar sin.
    Dubhairt sean duine san gceanntar go mbíodh na fir bailighthe suas i dteach agus go mbíodh síad ag imirt cártai ar airgead agus ag troid ar son airgid. Ar an ádhbhar sin de réir cainnte daoiní eile cuireadh Baile an t Seadaire air mar do réir cuid de na daoinibh is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Ballintadder, Co. Mayo