School: Tón Ruadh (roll number 12809)

Location:
Tonroe, Co. Mayo
Teacher:
Máirtín Ó Giobaláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0115, Page 44

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0115, Page 44

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tón Ruadh
  2. XML Page 44
  3. XML “Ainmneacha Baile Fearainn Cheantair na Scoile - Tóin Rua, Toanroe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé Tónruadh an t-ainm atá ar an mbailefearann in a bhfuil mise in mo chómhnaidhe. Tá sé suidhte ar an mbóthar idir Baile Cathail agus Baile an Bhóta.
    Baile deas i seadh Tonruadh. Tá talamh bog an acht ins an Samhradh bíonn na portaigh deas. Tá timcheall deich nó a haon déag tighthe ann.
    Fuair Tónruadh a ainm ó nádúr na h-ithearach atá ann. Tá sé ruadh. Tá dhá bhailefearann cómhgarach le n-a chéile. Tá ceann aca thuas ar ardán agus tugtar Bárr Ruadh air. An ceann atá thíos faoi san isleán tugtar Tónruadh air. Ó’n ithir dearg atá ionnta a fuair an dá bhailefearann seo a n-ainmeacha. Deirtear le gach duine áiteamhail gur ab é sin an cíall ceart ata le Tónruadh.
    An t-ainm sgoile a cuireadh ar chloich dáta na sgoile, “Tamhain Ruaidh”, ní’l sé ceart. Sé tamhain áit bog. Mar gheall ar go bhfuil talamh bog taobh thuaidh agus taobh thíar de’n sgoil chuir cigire an t-ainm Tamhain uirthí ach ní’l sé ceart. Rud eile níor sgríobhadh no leitrigheadh an t-ainm ar chloic dáta na sgoile go ceart.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Tonroe, Co. Mayo
    Collector
    Máire Ní Searraigh
    Gender
    Female
    Address
    Ballintadder, Co. Mayo