Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
Lugboy Demesne, Co. Mayo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Fear agus Crann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear agus crann.
    Bhí fear ann úair amáin agus bhí crann mór leamhain ag fás in a ghairdín.
    Dubhairt an fear go mbainfeadh sé é mar shíl sé go raibh sé in a shean-chrann agus go dtuithfeadh sé úair ar bith.
    Maidhin amháin fuair sé tuagh agus chuaidh sé am[ach(?)] ins an gairdín leis an gcrann do bhainth.
    An céad buille a thugh sé ar an gcrann chonnaic sé na foclaí seo sgríobtha ar an tuagh.
    "Ná gearr an crann seo".
    Níor thuigh an fear na foclaí ach ghearr sé an crann.
    An mhaidhin d'ár gcionn nuair d'éirigh sé bhí ionganadh an domhain air leis an gcrann fheic[eál] ag fás ag an doras.
    Fuair sé an tuagh arís leis an gcrann a leaghaint ach thuith sé ar a cheann agus marbhuighe[adh] é, agus is é sin deireadh mo sgéil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Mhainnín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisduff, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Mainnín
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lisduff, Co. Mayo