School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rusgaigh (2)
- XML Page 172
- XML “Leigheasanna”
- XML “Pisreoga Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i Sasana ag saothrú a choda.6. Ceanglaítear craiceann eascon ar chaol na láimhe ar dhuine a mbíonn trálach (nó tálach) ag gabháil de – sin at a thagann ar an gcuid sin den lámh ó iomarca oibre nó cleachtaithe.7. Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine is féidir le daoine áirithe a leigheas le ceann an duine bhreoite a thomhas agus paidreacha áirithe a rá le linn an obair sin a dhéanamh.8. Deirtear go bhfuil leigheas ag páiste a rugadh tar éis bhás a athar don ghalar sin ar a dtugtar ‘borrphéist’ ach a lámh a fhágáil ar an mball tinn.9. Creidtear go bhfuil leigheas dá lán galracha ag an seachtú mac sa gclann.
- 1. Deirtear nach ceart do dhuine ar bith a chuid gruaige a bhearradh (.i. a ghearradh) le linn an Charghais.2. Is ceart tine chnámh a lasadh in gach sráidbhaile Oíche Shin Seáin – an 23ú oíche de mhí Mheithimh. Is cóir do dhuine ar a laghad(continues on next page)