(continued from previous page)
Bhliana. Is ceart deoch a thabhairt don duine sin.
2. Ní ceart airgead a íoc an lá sin. Má thugann tú airgead amach an lá sin, deirtear go mbeidh tú á thabhairt uait gach uile lá eile sa mbliain.
3. Ní ceart glas a chur ar an doras nó dallóg a chur ar an bhfuinneog Oíche na Nollag ar fhaitíos go mbeadh an Mháthair Bheannaithe is an Leanbh Íosa ar lorg dídine an oíche sin.
4. Is ceart coinneal a bheith ar lasadh in gach fuinneog sa teach Oíche na Nollag i dtreo go bhfeicfidh an strainséir nó an taistealaí an solas agus go dtiocfaidh sé isteach le bia agus dídean a fháil, má bhíonn a leithéid ag teastáil uaidh.