School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Rusgaigh (2) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

6. Ní ceart bláthach na chéad cuiginne a deantar le bainne bó atá taréis breith a thabhairt d’aoinne.

7. Nuair a chúidhtear do'n chéad uair bó atá taréis breith is ceart í a coisreacadh le splanc teineadh. Is ceart an splannc do chur tart timcheall na bó trí h-uaire.

Pisreóga ag baint le Samhain
1. Sa tsean-aimsir théigeadh na cailíní isteach i ngarrdha an chabáiste agus stracaidís tor cabáiste an duine. Dá bfághadh cailín gas cam ar thór deirtí go bpósfadh sí fear cam agus dá bhfágadh sí gas díreach ar an tor fear árd díreach a phósfadh sí. Oidhche Shamhna a ghníthí é sin.
2. Dá dtéigheadh cailín faoi shris a mbéadh a dhá cheann sáithte sa talamh deirtear go bhfeicfeadh sí i mbrionglóid. Oidhche Shamhna an fear a phósfadh sí.
3. Is ceart pláta "ceallaí" a fhágáil lasmuigh ar leac na fuinneóige Oidhche Shamhna i dtreó is nach mbéidh ocras ar na sidheóga.
4. Ní ceart d'aoinne dul amach in a aonar an oidhche sin ar eagla go mbéarfadh na sidheóga leis é.
5, Cuireann na púcaí agus na sídheóga séile

(continues on next page)
Language
Irish