School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Pisreoga a Bhaineas le Bainne agus Maistreadh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Cheapadh na seandaoine gurbh fhéidir le duine im na bó a ‘bhreith’ leis. D’a mb’áil le duine an t-im a ‘bhreith’ ó bhainne na comharsan, rachadh sé taobh amuigh de chúldoras na comharsan nuair a bheadh an chomharsa ag maistreadh agus scuabfadh sé leis trí shop tuí ón díon os cionn an chúldorais. Dhéanfaí seo i ngan fhios don té a bheadh ag maistreadh, agus sa tslí sin ghoidfí an t-im ón mbainne agus ní thiocfadh im ar an gcuinneog cuma cén fhaid a bheadh sé ag maistreadh.

2. Ní ceart splanc tine a thabhairt amach as an teach nuair a bhíonn maistreadh ar siúl.
3. Má thagann duine isteach sa teach nuair a bhítear ag déanamh cuiginne is ceart dó cúpla buille a bhualadh leis an loine ar eagla an t-im a ghoid.
4. Is ceart gráinne salainn a chur ar chlár na cuinneoige sula dtosaítear ag maistreadh chun an drochspioraid a choinneáil amach.
5. Má thugtar bainne don chomharsain gan a cheannacht is ceart trí bhraon uisce a chur ann leis an im a choinneáil ar bhainne na bó.

(continues on next page)
Language
Irish