(continued from previous page)
a hathar, agus bíonn ‘spraoi’ mhór ann de ghnáth.
6. Is ceart an tlú agus seanbhróg a chaitheamh i ndiaidh cailín ar dul chun a pósta di, le rath agus séan a chur uirthi.
7. Ní ceart do chailín gléas a pósta a thaispeáint d’éinne go dtí lá an phósta.
8. Nuair a bhíonn an iníon is sine á pósadh is ceart don mháthair braitlíní nó éadaí cláir nó plaincéid a rinneadh sa mbaile a thabhairt mar bhronntanas di.
9. Lastar punnán coirce ag déanamh áthais nuair a bhíonn lánúin nua-phósta ag filleadh abhaile ón séipéal.
10. Má tharlaíonn go mbristear cuid ar bith de ghléas an chapaill nuair a bhíonn na carranna ag filleadh abhaile ón séipéal tar éis an phósta deirtear gur mí-ámharach an rud é.