School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 144
  3. XML “Seanfhocla agus an Bhrí atá leo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Ná lig do leas ar cairde. Nuair a fheiceann tú seans a dhéanfaidh maith duit féin, ná lig an seans sin thart mar b’fhéidir nach bhfaighfeá arís go deo é.
    2. Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Is cuma cá dtéann duine agus is cuma na radharcanna áille a fheiceann sé is an saol breá a bhíonn aige i gcéin, éireoidh sé tuirseach díobh go léir agus sa deireadh beidh sé ag tnúth lena áit dúchais féin.
    3. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Más mian leat go ndéanfadh daoine óga rud ort mol go mór iad is déanfaidh siad go toilteanach é.
    4. Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg. Ní bhíonn ciall ag an duine [nó] go mbíonn an aois aige.
    5. Ní thagann ciall roimh aois. An bhrí chéanna leis is atá ag Uimh. 4.
    6. Níor bhris focal maith fiacal riamh. Is ceart dúinn an rud maith a rá i dtaobh daoine eile i gcónaí.
    7. Is minic a bhris an teanga an tsrón. Is minic a tharraing a chuid cainte troid ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish