School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 134
  3. XML “Tiarnaí Talún, Tionóntí agus Díshealbhú sa gCeantar Seo”
  4. XML “An Gorta Mór (1845-47)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó thús na staire tá cur síos anois is arís ar gorta ag teacht ar mhuinntir na tíre seo, agus is dócha gurb' amhlaidh an sgéal ag gach tír eile é. An chéad chúntas faoi ghorta in Eirinn baineann sé le ré na nDanar. Do mhill agus do scrios na barbaraidhthe seo rompa- daoine, barraí agus beithidigh agus b'é sin ba chúis leis an ngorta agus an ganntanas an uair sin.
    Obair d'én t-sórt sin freisin ba chionn-tsiocair leis an ngorta mór a tháinig ar an tír seo le linn gabhála an Bhrúsaigh sa gceathrú aois déag.
    Bhí an Mhumha in ann-chaoi le gorta is galar in aimsir Eirghe Amach na nGearaltach, sa séamhadh aois déag, nuair a rinne an Tighearna Grey sléacht agus sgrios ar dhaoine ar bharraí agus ar ainmhidhthe. Milleadh an biadh d'aon ghnó i dtreo's go gceannsóchadh an t-ocras na méirligh, agus gan aon amhras, b'éifeachtach an t-seift í, mar deireann stáiridhe áirithe, 'Ní raibh glór duine nó géimneach bó le cloisteál ó Chiarraighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish