School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus caithfidh a admháil gurbh' fhearr i bhfad mar thighearnaí iad ná a leithéid in áiteacha eile. Ní raibh siad ró-shanntach i dtaoibh airgid, agus dá bhrí sin, ní raibh na cíosanna san eastát seo baoghal ar bheith chomh trom leis an gcíos a gearrtaí ar thionóintí in eastáit eile.Ba mhinic ins an aimsir sin a cuireadh daoine as seilbh. B'iomdha cúis, agus go minic ba bheag cúis, a bhíodh leis an dí-shealbhú. Daoine nach n-íocadh an cíos is mó cuirtí amach. Tá innsint sa gceanntar seo fós ar an gcaoi a cuireadh Seán Mac Aodhagáin as Baile na Sgiathán amach as a ghabhaltas mar gheall ar cíos leith-bhliana a bheith ag an tighearna air. D'íoc Aibhistín Ó Murghaile, athair an fhir atá san áit anois, an cíos sin agus ba le Aibhistín an fheirm as sin amach cé gur fágadh Seán bocht in a bhothán beag suarach go deire a ré. Bhí mór-sheisear inghean ag an Aodhagánach agus thug gach duine díobh agaidh ar Shasana Nua le slighe beatha a bhaint amach dóibh féin. Siobhán ab'ainm do'n seachtmhadh inghean agus bhí leigheas aici do'n "Bhainne-Dubh." Ghníodh sí Cómhartha na Croise ar an mball tinne agus d'imthigheadh an tinneas gan mhoill.Is ag Seán Mac Giolla Coinnigh atá an fheirm is mó agus is fairsinge sa(continues on next page)