School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 123
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na gclann ann, mar thaobhódh cuid den slua le fear mháin dá mbeadh gaol ar bith acu leis, agus théadh an chuid eile de chabhair ar an duine eile.
    B’iontach ar fad an milleadh is an marú a dhéanaidís agus is minic a chailleadh duine a anam san achrann nó dá bharr. Chualas féin faoi fhear breá óg nár mhair ach cúpla lá tar éis buille marfach a fháil nuair a d’iarr sé réiteach a dhéanamh idir dhá dhream a bhí in éadan a chéile. Nuair ba mhaith le duine amháin a neart a chur in iúl don saol, bhaineadh sé de a chóta, strialladh sé ina dhiaidh ar an mbóthar é agus bheireadh sé dúshlán d’aon duine satailt ar ruball a chóta. Bhí an ruaille buaille ar siúl láithreach bonn. Bhíodh na píléir ansin ó Bhéal Átha na Muice an lá sin ag iarraidh réiteach a dhéanamh, agus ba ghnáth le daoine áirithe a bheith i láthair ag teach na cúirte an mhí ina dhiaidh mar gheall ar a bheith meisciúil nó achrannach nó dána lá an aonaigh i mBéal Átha na gCoistealach.
    Luas cheana na dátaí a mbíodh na haonaigh mhór ar siúl, ach bhí aonach amháin ann ar chóir dom cur síos air. Bhí aonach le bheith ann ar an aonú lá tríochad d’Eanáir tuairim caoga bliain ó shin. Tharla go raibh an lá sin go fuar préachtach stoirmiúil agus níor tháinig ar an aonach an lá sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish