School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 119
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uasal – é. Ní raibh an t-aonach seo i gCnoc Mhuire ach ar feadh cúpla bliain, agus is é an fáth nár leanadh leis an nós ná go raibh goireas taistil is iompair in easnamh. Ní raibh traein ná bus ná gluaisteán ag teacht isteach ann, agus ní raibh bóthar maith féin ann. Ar an ábhar sin, níor mhaith le ceannaithe ó na bailte móra an turas fada sin ar bhóithre garbha clochacha a thabhairt agus gan de ghléas iompair acu ach an seancharr sciathán, nó capall, nó uaireanta ‘sodar an dá chos’.
    Is beag a bhíodh idir luach na mbeithíoch an t-am sin agus a luach anois. Deirtear liom go bhfaightí idir deich bpunt agus dhá phunt déag ar bhó mhaith ar aonach Chnoc Mhuire. Uaireanta bhíodh gamhna agus bainbh ag dul an-saor. Is minic san aimsir sin a díoladh banbh maith ar leathchoróin, agus mheastaí gur luach an-mhaith coróin nó trí leathchoróin. Bhí nós an ‘chustaim’ ann an t-am sin, faoi mar atá fós. Bhí beirt fhear a bhailíodh an custam ar an aonach seo – an fear ar leis páirc an aonaigh, Tomás Ó Corraí (a luas cheana) agus Dónall (Dan) Ó Mórdha, an seanmháistir scoile leis an dá chos adhmaid (slán mar a n-instear é). Do thiarna talún an cheantair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish