08/08/2022 Weekly Pick  (See more »)

School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Aontaí sa gCeantar Fadó

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sa mbaile mór is mó a bhíonn an t-aonach ar siúl, ach anois is arís cloistear faoi áiteacha faoin tuath a mbíonn aonach iontu. Bhí aonach sa sráidbhaile anseo againn – i gCnoc Mhuire – tuairim daichead bliain ó shin. Sa bpáirc sin atá idir teach Uí Ghruagáin agus teach Uí Éanacháin a bhíodh an t-aonach bailithe, agus ní thugtar ar an bpáirc seo fós ach ‘Páirc an Aonaigh’. Is le Séamas Ó hÉanacháin an pháirc sin anois, ach fear darbh ainm Tomás Ó Corraí a bhí i seilbh na feirme sin in aimsir an aonaigh. Beithígh – ba, laonna agus caoirigh – agus muca a dhíoltaí ar an aonach sin. Bhíodh aonach na mbeithíoch ann lá amháin agus lá eile bhíodh aonach na muc ann, mar a bhíonn fós i roinnt mhaith áiteacha. Uair sa mí a thionóiltí an t-aonach. Ní raibh aonach do chapaill ar chor bith, mar is beag capall a chothaítí sa gceantar seo daichead nó caoga bliain ó shin de bhrí nach raibh ach feirmeacha beaga ag formhór na ndaoine. Éinne a mbeadh capall dá chuid féin aige mheastaí gurbh fhear saibhir – fear

(continues on next page)
Language
Irish