School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuireadh deireadh leis na seanscoileanna seo sular chríochnaigh na fir seo a gcuid oideachais. Chaith an bheirt seo atá luaite agam i dtosach an leabhair tamall sa scoil náisiúnta.
Tá trácht sa gcomharsanacht seo freisin ar scoil eile den sórt sin. I scioból le Liam Mac Héil i gCluain Lao a bhí an scoil sin. Tá an scioból céanna á úsáid fós ag Bean Uí Fhiaich [=Mrs Hunt], iníon le Liam Mac Héil. Thagadh na scoláirí go dtí an scioból go moch ar maidin, agus is é an chéad rud a dhéanaidís ná na ba a scaoileadh amach as, an t-urlár a scuabadh le fraoch agus an ‘chlais’ nó an díog a ghlanadh amach tar éis do na ba a bheith ann i rith na hoíche. Ansin chraithidís tuí ar an urlár agus sa díog. Shuíodh na scoláirí ar chiumhais na claise mar ní raibh suíocháin nó binsí acu, agus bhíodh na cosa thíos sa díog. B’éigean dóibh an glanadh agus an scuabadh a bheith déanta acu agus gach rud a bheith i gcóir roimh theacht don mhúinteoir ar maidin. Ba é Mac Ceoinín a mhúin sa ‘scoil’ seo. Níorbh ón gceantar seo é ach ceaptar go dtáinig sé as ceantar Bhealach an Doirín. Fuair sé lóistín agus tuarastal sa tslí chéanna is a fuair na múinteoirí a bhí i gCionn Chon. Ní miste a rá anseo go mbíodh ranganna(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonnagleragh, Co. Mayo
- Informant
- Séamus Ó Gréallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kincon, Co. Mayo