School: Gort Sceithe (roll number 13062)

Location:
Gortskehy, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Ó Cléirigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Sceithe
  2. XML Page 156
  3. XML “Gabha an Díogha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis. Dubhairt sé leis an gabhainn an teallach a thabhairt dó arís. Rinne. Chuir sé an bhean agus an cailín isteach san teine agus rinne sé bean breagh óg as an mbeirt.
    Bhí máthair agus bean céile ag an gabhainn agus bhíodar ag troid i gcomhnuidhe. Chuir sé san teine iad chun bean amháin a dhéanamh díobh, ach ní ndearna sé ach iad a mharbhughadh. Bhí an beirt marbhuighthe aige agus na cosa bainte de'n chapall anois. Dubhairt sé go gcaithfeadh sé imtheacht as an áit ar fad. Bhí sé ag siubhal ar feadh lae beagnach nuair chas buachaill beag air. Nuair a tháinig an oidhche chonnaiceadar solas tamall uatha. Chuaidh siad go dtí an teach agus fuaireadar lóisdín na h-oidhche ann. Bhíodar ar an mbóthar go moch lá'r na bhárach.
    Dubhairt an buachaill go raibh comórtas i mBaile Átha Cliath ag na gabhnaibh agus go rachadh siad ann. "Leis do'n gabha séideadh ar dtúis", ar seisean. Chuaidheadar ann. Bhí gabha ó Bhaile Átha Cliath ann agus do shéid sé an bolg ar dtúis. Do líon sé an urlár le coirce. Shéid gabha an Díogh annsin agus do chuir sé amach an méid sin d'éan nár fhág siad gráin de'n choirce ann. Fuaireadar fiche punt.
    Thosuigheadar ag siubhal arís. Dubhairt an buachaill leis go raibh rí san tír agus go dtiubhradh sé saic óir agus capall le é a comchur do'n duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0753: Christ and the Smith
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cléirigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Annefield, Co. Mayo