School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 332
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.I bhfad ó soin bhí fear ag teacht abhaile go deireannach san oidhche ó bheith ag imirt cártaí. Oidhche spéar gealaighe a bhí ann, acht mar sin féin bhí an fear an-nerbhíseach. Ar an bomaite céard a chonnaic sé ag siubhal amach roimhe acht fear agus é gléasta i n-éadaigh dubh. Is ar éigin a bhí sé i ndon siubhal. Bhain sé dhe a hata agus rinne sé Comhartha na Croise.
D'imthigh an spríd agus chuir sé a hata air arís. Do shiubhail an spríd amach roimhe arís. Ní raibh tuairm aige céard a dhéanfadh sé. Do rith sé leis agus rith an duine eile. Shiubhail sé agus shiubhail an duine eile.
Sa deireadh thiar thall bhuail sé ar doras an tighe agus thuit sé i lagar ar an urlár.
Bhí a bhean tré'n a chéile acht tháinig sé chuige féin i gceann tamaill. Annsin d' innis sé dí céard a thárla dó.
"Dia idir sinn agus an anacháin," arsa sise nuair a chuala sí an sgéal. D'fhéach an bhean ar an hata agus is annsin a bhfuaireadar amach go raibh cuid de ribín an hata ag slingeál [?] síos agus b'é sin an spríd a chonnaic sé.- Collector
- Treasa de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo
- Informant
- Peig de Búrca
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 20
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo