School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 326

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 326

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 326
  3. XML “Scéal - Roinnt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal - Roinnt.
    Bhí fear in a chomhnuidhe in aice na háite seo tá fada ariamh ó shoin, a raibh seacht gcapall déag aige. Tháinig an bás air acht sul a bhfuair sé bás rinne sé uadhacht ag fágáil leath a chuid capall ag a mhac ba sine, an tríomhadh cuid ag an dara mac, agus an naomhadh cuid ag an mhac a ba óige.
    Bhí go maith agus ní raibh go holc. Fuair an t-athair bás, agus nuair a cuireadh é thosuigh na mic ag roinnt na gcapall, de réir mar d'órduigh an t-athair san uadhacht. Acht, a fheara breághtha, is annsin a thosuigh an trioblóid. Ní thiocfadh leo dhá leath chom-throm do dhéanamh de sheacht gcapai[ll] déag; ní thiocfad leo trí chuid chomhthroma a dhéanamh de na capaillibh, agus bhí an trioblóid céadhna ortha mar gheall ar an naomhadh cuid.
    Fá dheireadh thiar thall, nuair nach raibh níos fearr le déanamh aca, shocruigh siad go gcaithfeadh siad scian a thabhairt leo agus na capaill a ghearradh san gcaoi a mbeadh a cheart féin ag gach fear. Leis sin tháinig sean-fhear liath chomh fada leo, agus é ag marcaidheacht ar shean-chapall. Chuir sé ceist ortha céart do bhí ag cur trioblóide ortha agus d' innis siad dó an sgéal ar fad. Tháinig an sean-fhear anuas de chapaill féin, agus chuir i gcuideachta na seacht gcapall déag é.
    "Anois," ar seisean, leis an mac ba sine, tabhair leat leath na gcapall."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Laighnighe
    Gender
    Female
    Address
    Killour, Co. Mayo
    Informant
    Seán Ó Murchadha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    22
    Address
    Loughmask Castle, Co. Mayo