School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 311
- XML “Aimsir Chromail 1649”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinig Cromall go hÉirinn rinne sé féin agus a shaighdiúirí scrios mór ar na daoine in Éirinn. Chuir sé arm go Cunga agus chuireadar futha ann. Bhí teach deas in aice ha h-abhann agus do thóg captaoin an airm dó féin é. Annsin tháinig a bhean agus a mhac agus bhí an triúr aca in a gcómhnuidhe ann.
Lá dá ndeachaidh an captaoin agus a bhean amach ag iascaireacht d'fhagadar an mac óg leis an mbanáltra ar bhruac an locha. Bhí an captaoin agus a bhean mí-fhoighdeach mar ní raibh iasc ar bith ag teacht ar an dubhán. Fé dheire thiar thall cheapadar go raibh iasc ann, agus tharraing siad isteach é.
Céard a bheadh ag bun na doruighe acht a mac féin agus é báidhte. Dubhairt na daoine gur breitheamhnas ó Dia é seo mar gheall ar chomh cruaidh is a bhíodar ar na Manaigh i gCunga.- Collector
- Áine de Brún
- Gender
- Female
- Address
- Knocknamucklagh, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Ó Brannagáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Loughmask Castle, Co. Mayo