School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 306
- XML “Seanfhoirgnithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caislean Loch MeasgaDeirtear gur tógadh é i mbliain 1237. Muinntir De Búrcaigh do bhí ann ar dtús. Thosuigheadar ag troid le muinntir Mac Gearailt agus b'éigin do na Búrcaigh a imtheacht. Tar éis tamaill tháinig na Búrcaigh ar ais arís. Bhíodar ag troid i gcomhnuidhe.Thug duine de mhuinntir De Búrcaigh ordú Éamonn Mac Gearailt a bheith báidhte i sac i Loch Measga. Báidheadh é agus cuireadh in uaigh an Íarla é fé scáth na gcrann ar bhruach an locha.Tháinig muinntir Chonchubhair agus thosuigheadar ag troid in aghaidh na Búrcaigh agus thógadar seilbh an chaisleáin. Ba ghearr go rabhadar ann go dtáinig Bingham - fear as Sasana agus chroch sé seachtar aca.Tá sean-staighre ann fós agus comhartha na catha.
****************************************************************
Inismeadhon Sean-FhothrachIns an tríomhadh aois déág deirtear go raibh na Manaigh in a gcomhnuidhe ann. Tháinig Aodh ( mac do Ruaidhrí Ó Conchubhair ) agus ghoid sé na rudaí luachmhara a bhí ann.B'éigin do na Manaigh a imtheacht in a dhiaidh sin. Deirtear go ndeachadar go Mainisteir Cunga. Tar éis tamaill fuair na mná riaghalta é, acht níl fhios againn an rabhadar i bhfad ann.Tá sean-fhothracha ann fós agus tá daoine ag féáchaint ina ndiaidh.(continues on next page)- Collector
- Áine de Brún
- Gender
- Female
- Address
- Inishmaine, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Ó Brannagáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Knocknamucklagh, Co. Mayo