School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 299
  3. XML “Na Féilte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    buidéal uisge beatha ar an mbealach, agus cuirtear ar an mbord é. Tosuigheann siad ar an margadh annsin. Bíonn siad ag cainnt agus ag déanamh cleamhnais ar feadh tamaill maith. Moltar an cailín óg agus an spré atá aici. Moltar an fear óg freisin agus an teach mór áluinn, gan a bheith ag cainnt ar airgead san mbannc.
    Socruigheann said an margadh tar éis diospóireachta fada. Óltar deoch mar sláinte do na daoinibh óga. Tosuigheann siad ag ól tae ina dhiaidh sin. Annsin téighean siad abhaile go sona sásta ag fanamhaint lélé na bainfeise.

    MÁIRT na hINIDE
    Sin é an lá deireannach chun pósta roimh an gCarghaos agus i mBaile-an-Róba bíonn na buachaillí óga ag craitheadh salainn ar na cailíní óga ion-phósta chun iad do choinneál slán go dtí an Cháisg. Bíonn féásta in gach teach an oidhche sin. Bíonn pancóga ins gach teach. Bíonn na daoine ag tabhairt slán le sodhluistí go deireadh an Charghaois.

    OIDHCHE LAE 'le BHRÍGHDE
    An chéad lá de Feabhra agus an chéad lá de'n Earrach sin é Lá Fhéile Bríghde.
    San am fadhó do bhíodh féasta in gach teach an oidhche sin. Do dhéanaidhís sórt dráma bhig in onóir do Naomh Brígid. Tógtaí duine mar Bríghid. Chuireadh " Bríghid " clocha uirthí agus théigheadh sí amach as an seomra. Thógadh sí beart luachra faoi na hascail. Bhuaileah sí ar an doras agus deireadh sí " Téighigidh ar bhur nglúnaih agus abraigidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Ballinchalla, Co. Mayo
    Informant
    Bríghid Bean Mhic an Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Killimor, Co. Mayo