School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 297
- XML “An tIasc Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Iasc Mór.Bhí amadán ann uair amháin agus níor bhféidir leis aon obair a dhéanamh. Chaitheadh sé gach aon lá ag fiadhach coinín nó ag iasgaireacht i Loch Measga. Bhí slat breágh iasgaigh aige, agus is minic a ghabhadh sé bric mhóra ins an loch.
Lá amháin nuair a bhí sé ag iascaireacht ghabh sé bradán mór agus thug sé leis abhaile é agus bród an-mhór air. D'itheadar an bradán agus mholadar an t-iascaire go mór.
Cúpla lá 'na dhiaidh sin nuair do bhí an t-amadán ag dul ag iascaireacht arís casadh iascaire eile air, agus d'fhiafruigh dhe an raibh an bradán a ghabh sé an mhór.
"Ó," ars an t-amadán, "nuair tharraing mé amach as an uisce é do thuit an t-uisce troigh san loch."- Collector
- Máire C. Ní Chathasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Creevagh Middle, Co. Mayo
- Informant
- Bríghid Bean Mhic an Bháird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Killimor, Co. Mayo