School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 295
  3. XML “Bríste Sheáinín”
  4. XML “Scéal Áitiúil - Misneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ní rachaidh mé ar scoil níos mó", arsa Seáinín.
    "Muise cé'n fáth?" ar sise.
    "Bhí na buachaillí go léir ag magadh fúm mar gheall ar mo bhríste. Dubhairt siad nach rabhadar cinnte ciaca ag dul go dtí an scoil nó filleadh do bhíos."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal áitiúil - Misneach.
    Bhí fear d'arbh ainm Seán .... ag teacht abhaile o'n aonach i mBaile-an-Róba oidhche amháin agus é roinnt súgach.
    Nuair do bhíodh sé mar sin do bhíodh an t-árd misneach aige dar leis féin. Deireadh sé nach gcuirfeadh an Fear Dubh ó ifreann thíos faitchios ar bith air. Acht bhí an sgéal amuigh air go raibh eagla a chroidhe aige roimh bean-an-tighe mar do bhíodh sí an dhian air mar gheall ar an mbraoinín, agus dar ndóigh bhí an ceart aici.
    Bhí fíos sgéil Seáin ag buachaillí an bhaile, agus fios aca nach raibh scannradh ar bith aige ar an bFear Dubh. Shochruigh siad ar cleas d'imirt air oidhche an aonaigh.
    Chuaidh cúpla duine aca i bhfolach in aice an tighe. Nuair tháinig Seán in aice leo do labhair duine.
    "Cé tá annsin?" adeir Seán agus crith eagla ar an bhfear bocht.
    "Mise an Fear Dubh," adeir an buachaill i nglór uathbhásach.
    "Ó, go h-ifreann leat as sin, má's eadh" adeir Seán "is beag nar bhain tú geit asam - cheap mé gurbh í an bhean a bhí ann."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire C. Ní Chathasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Creevagh Middle, Co. Mayo
    Informant
    Bean Mhic an Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Killimor, Co. Mayo