School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 287
  3. XML “Pisreoga”
  4. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Má labhrann an chuach ar chrann gan duilleabhar díol an bhó agus ceannuigh arbhar.
    Ma thagann aoinne isteach san teach agus tú ag déanamh maistriú ba cheart duit iarraidh air cabhradh leat nó bhféidir go dtógfadh sé an t-im leis.
    Ná chuir cipín sa teine lá Choille.
    Ná leig daoine sgáth fearthainne d'osgailt taobh istigh de'n doras.
    Gearrann duine comhartha na croise ar an mbuin tús i bleaghán.
    Ná fág bróga riamh ar an mbord mar beidh troid ann.
    Bristear cáca ar an doras ar oidhche chum an Dá Lá Déag chun an ocras a chur ón dtigh ar feadh na bliadhna.
    Cuirtear coinneál le h-aghaidh gach duine ar lasadh san bhfuinneóigh Oidhche Lá Choille agus an coinneál is túisce a rachadh amach deirtear gurb é an duine a raibh a ainm ar an gcoinnéal sin, is tuisce a gheibheas bás.
    Cuir snaithín dearg ar earbhall na bó nuadh beirte ar fhaithcios go ngoidfeadh na sidheóga an bainne uatha.
    Má ghlaodhann an coileach ar an leath-doras agus aghaidh ort is deágh-sgéal é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair a bhíonn daoine ag caitheamh amach uisce san oidhche deireann síad chugat! chugat! uisce salach.
    Nuair a bhíonn daoine ag fágháil bainne ó dhaoine eile ní maith leo é a d'fhágháil ar an chéad lá san mbliain.
    Nuair a bhíonn sgeach an-shean bíonn faitchios ar na daoinibh é a ghearadh.
    Nuair a bhíonn daoine ag déanamh maistreadh cuireann siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac An Bheatha
    Gender
    Male
    Address
    Dringeen Middle, Co. Mayo
    Informant
    Cáit Bean Mhic Bheatha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Dringeen Middle, Co. Mayo