School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 283
  3. XML “Ráite - Aimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. RÁIDHTE-AIMSEAR

    Nuair a bhíonn sneachta ar Neifin bíonn fuacht in a dá ríríbh in Éirinn

    "Bíodh an aimsear olc nó maith,
    Gheobhaidh an bacach oiread le flaith."

    "An áit a bhfuil deatach tá teine;
    An áit a bhfuil teine tá teach;
    An áit a bhfuil teach tá bean;
    An áit a bhfuil bean tá geab."

    Bíonn anál leas-mhathair ar an ngaoith ó thuaidh.
    Níl an aimsear is measa chomh h-olc le crith-talmhan.
    "Ní bheidh ann acht cioth." mar a dubhairt an t-amadán le Noa, nuair a bhí sé ag dul isteach san Airc.

    COMHARTHAÍ FHEARTHAINNE
    Néala troma dubha
    Madadh ag ithe féir
    Cat ag scríobhadh adhmaid
    Ba ag rith le teasmhoch an lae
    Cat agus a ruball leis an teine
    Fáirsneach mioltógaí
    An ghaoth ag feadalaigh i bpull na h-eochrach
    An deatach ag teacht anuas
    An súite ag tuitim
    Ceo sean-ghealaighe
    Ceo ar bhárr na gcnoc
    Fonn cainnte ar fhallsóir
    Fáinne ar an ngealaigh
    Cuma bháidhte ar an ngréin
    Bric ag léimnigh go tiugh
    Pianta i gcnámh duine
    Trom chodladh ar óg agus aosta
    sean-mhná ag tuitim as a chéile le fallsacht

    Comharthaí Earraigh - samharchain, uain óga
    Comharthaí Shamhraidh - teacht na cuaiche
    Comharthaí Foghmhair - nead traonach
    Comharthaí Geimhridh - teacht na ngéach bhfiadhan

    (ó Chaít Bean Mhic Bheatha, Draingín, Cunga
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
      2. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Mac Bheatha
    Gender
    Male
    Address
    Dringeen Middle, Co. Mayo
    Informant
    Cáit Bean Mhic Bheatha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Dringeen Middle, Co. Mayo