School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Page 272
  3. XML “Mar a bhFuair an Iarla Clanriocard A Chuid Taltaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall na mblí 1700 do bhí bodach mór i Shasana a thuill clú agus cáil san Euróip mar gheall as an fheabhais is d'féadfadh sé feidhm a bhaint as a claidheamh i gcomhrach aonfhir. Ní raibh sé seo sásta leis an méid onóra a fuair sé in a thír féin go dtáinig sé go hÉirinn chun a theasbáint go raibh sé chomh maith agus a cuireadh in a leith.
    Tháinig sé idtír agus d'fhógair sé comhraic aonfhir ar aon duine sa tír uilig. N´ôr fhreagair aoinne é agus níor thairn le dream an uachtar laímhe go mbéadh aon fhear indhon labhairt mar sin in Éirinn acht bhí fhios acu nach bhféadfaidhe cosg a chuir leis acht le chéile comhraic a chuir in a aghad Cé chuirfidis in a aghadh? B'in an ceist ba deacair a réidhteach acht do luaidhe ainm liam buidhe De Búrca. Bhí ainm in áirde ar eachtraí agus gníomharthaí an fhir seo agus a sheacht sinsear roimhe leis an gclaidheamh mar sin cuireadh triall air láthra Acht thárla gur i mbraighdeanas a bhí liam de bharr coir mór eicínt agus deirim leat nárb obair éas é a fhuscailt. Acht ar aon nós fritheadh ceard saoirse trí míosa ar aon nós dó.
    Is dóig go raibh an daoirse ag goileamhaint ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Jennie Warde
    Gender
    Female
    Informant
    Mrs Nora Morrin
    Gender
    Female
    Age
    56
    Address
    Ballyrourke, Co. Mayo