School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
Leigheas

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ann uair amháin agus ní raibh aici acht inghean amháin. Bhí droch ghalar uirthi a tugtaí triugh air. Bhíodh leigheas ag fear a mbéadh capall bán aige ar an [n]galar sin.

Aon lá amháin chonaic sí fear ag teacht chuici ar an mbóthar a raibh capall bán aige. Chuaigh sí amach roimhe agus d’fhiafruigh sí de “F[h]ear an chapaill b[h]áin, céard a leigheasfaidh an triugh”?
D’fhreagair sé í mar seo: “Bainne cíoch circe, é a bhleághan in adharc muice, agus cleit[h] an chait a chur dhá mheascadh.” Sin trí rud nár fhéad an bhean bhocht a dhéanamh, agus fuair an inghean bás leis an triugh.

Collector
Maighréad Ní Mháille
Gender
female
Informant
Seán Ó Giobalán
Gender
male
Address
Kildun More, Co. Mayo
Language
Irish