Bíonn sé thall agus bhíonn sé abhus, Bíonn sé i gConachta na gcrus, Air an eich cleamhain liath 'S ann s na coilltibh a mbidheann an meas. -Ceo Tomhais chugam, thomais thart Gad-é brígh na gceithre slat 'S gad-é 'n dealg a bhain Fionn as a' bhrat -Bior siocáin Shuidh mé síos 'gus chuartaigh mé é Dá bhfaghain é ní béarfainn liom é Nuair nach bhfuaireas thugas. - Dealg in mo chois. Cailleach i gcoil is airde glaimh Puisiní iarann 's fiacail chruinn. -Tuagh Lán a' tighe de chaoiribh bána 'S caora dhearg ina lár. -Do theanga. Tobán gan tón 'S é lán le feoil duine. -Méaracán tailliúra. Leine a rinneadh 's nó de lín Do mhac ríogh a bileadh le buadh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »