School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cé acu ba Chliste ?”Bhí triúr ban ag dul chun margaidh maidin Luain. Ag díol uibheacha a bhíodar ag dul. Thíos ag Cnocán a’ Mhíle bhuail [duine] de na mnaibh a h-ordóg i n-aghaidh rud eicínt cruaidh.
Chrom sí go bhfeiceadh sí céard a bhí ann agus nach fáinne a bhí ann - fáinne óir ar ndóigh - Ghlan sí é agus nuair a d’fheach sí air, ar sise “Tá’s ag Dia gurab é seo m’fháinne pósta a chaill mé ráidhthe ó shoin. Féach air a Bríghid.
Nuair a d’fhéach Bríghid air thug sí iarracht é a sgiobadh ó Mháire. “Ara, éist do bhéal, a Mháire, nach maith atá’s agam gurab an fáinne a thug Paits dom an lá a phós an t-Athair Éamonn sinn thuas ag an tsean-séipéal. Nach n-aithneócha-sa é a Peigi?”
“Sbáin dom é” arsa Peigi. “Nach gceapann sibh gur furasta dalla mullóg a chur ormsa nó an gceapann sibh gur oinseach críochnaighthe mé? Gan m’fháinne féin d’aithint! Agus nach é annseo os comhair bhur súl an comhartha a ghearr Seán air an(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Eithir
- Other names
- Máire Ní Eithir
- Mary Haire
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Ó Oiscin
- Other names
- Liam Ó Oiscin
- William Heskin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo