School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Page 159
  3. XML “Geilís na gCos nDubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí buachaill i gCo. Mhugheó is níor nígh cos ó rugadh é. Geilis an t-ainm a bhí air agus mar nár chuir aoinne ar bith air na cosa a nigheadh thugadar "Geilis na gCos Dubh" mar ainm air. Is minic adubhairt a athair leis éirge agus na cosa a nigheadh acht ní raibh aon mhaith dó beith leis agus thug sé bhuile sa leiceann dó aon aoidhche Shamhain amháin, agus chuir sin fearg air. Chuaidh sé amach agus bhí sé ag deanamh broín leis an ngealaigh nuair nach raibh aoinne le bagairt a dhénamh air. "Nach aoibhinn duit, a ghealach bán," ar seisean, "atá ag dul thart, dul thart, mar is mun leat fhéin agus ní fhéadfadh duine ar bith tá do chacadh ná do chuir ar gcúl. Mo bhrón gan mise mar thú."
    Is ar éigina bhí na focla as a béal aige nuair a chuala sé torann mór i bhfad uaidh agus céard a bhí ann acht an sluagh sidhe a bhí ag dul isteach i lios a bhí in aice le na thigh agus gach uile cheann acu ag glaodhach amach go hárd: "Mo shrian, mo chapall, agus mo dhiallaid." Ghlac Geilis misneach agus glaodh sé fhéin amach, "Mo shrian, mo chapall agus mo dhiallaid." Ghlach Geilis misneach agus glaodh sé fhéin amach, "Mo shrian, mo chapall agus mo dhiallaid."
    Annsin d'fiafruighceann de na daoine maithe de an raibh sé ag teacht leo anocht agus dubhairt sé go raibh. Ba ghearr go raibh capall breágh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Mheith
    Other names
    Eibhlín Ní Mheith
    Nellie Maye
    Gender
    Female
    Informant
    Mrs Morrin
    Other names
    Mrs Morrin
    Nóra Bean Uí Mhuráin
    Gender
    Female
    Age
    56
    Address
    Ballyrourke, Co. Mayo