School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
Och, Gan Mé Thiar

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

"Och, gan mé thiar."

Bhí fear fadó i gCo. Mhuigheó agus phós sé bean as Iar-Connachta. Ní raibh lochta ar bith le fágháil aice i dtosach acht ba ghearr a bhí siad pósta nuair a thosuigh sí ag dul amach ag binn a' tighe chuile trathnóna ag leigint osna agus ag rádh: "Och, gan mé thiar, och, gan mé thiar", i roth is go gcloisfidh a fear í.
Sa deireadh, d'éirigh sé an-tuirseach le bheith ag éisteacht léi agus d'éirigh sé go moch aon mhaidin amháin agus ghléas sé é fhéin agus chuaidh sé siar chomh fada le teach a muinntir. Céard a bhí ann acht sean-botháinín salach. An tsean-bhean, na cearca, agus na gabhair in a gcodladh le chéile in aon seomra bheag amháin.
Tháinig sé ar ais abhaile. Níor leig sé air fhéin cé'n áit a raibh sé imthighthe acht nuair a chuaidh sí amach ag binn a' tighe arís, chuaidh sé amach in a diaidh ag déanamh aithrise uirthi agus ag magadh fuithi agus rinne sé an rann seo:
Och, gan mé thiar, och, gan mé thiar,
In áit a bhfuil an gabhar ar iall
Ceann na caillighe ar a stoca
Agus coc na circe ar a giall.
Ba leor é sin dí agus mise i mbannaibh nár chuala aoinne "och gan mé thiar" as a béal arís an fhaid

(continues on next page)
Collector
Úna Nic Bháird
Gender
female
Address
Ballyrourke, Co. Mayo
Informant
Pádraig Mac An Bháird
Relation
parent
Gender
male
Age
76
Language
Irish