School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
Caisleán na hÉille (The Neale) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

annsan agus d'itheadh sí ceann aca. Ritheadh sí i ndiai[dh] na mic annsan agus ar ais léi arís chun fata eile d'fhágháil agus mar sin de go raibh na fataí go léir ithte aice. Thosuigh sí ag iompáil í féin ins an luaithre annsan agus bhí an teine as ortha.
Bhí Seán Ruadh ag an ceann eile den pháirc agus níor leig sé air go bhfaca sé céard a bhí ag tuitim amach chor ar bith acht sa deireadh glaodh an fear air. Tháinig sé anoll [?] agus cheangal sé an t-asal. B'éigin don fhear teine eile fhadúghadh agus tuilleadh fataí a róstadh.
Asal cliste gan dabht ar bith a b'eadh "Beisín."