Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- Neale, Co. Mayo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fear agus a bheirt mhac ag baint na fataí. Thug Seán an t-asal leis go dtí an páirc. An uair sin sé an dinnéar a bhíodh ag na daoine ná fataí rósta agus bainne. D'aduigheadh siad teine agus chuireadh siad an méid fataí a bhíodh ag teastáil isteach sa teine chun iad a róstadh. Bhí an fear seo agus a bheirt mhac ag réidhtiú le haghaidh an dinnéir. Chuir siad na fataí síos sa teine. Nuair a bhí siad rósta rinne siad carnán beag díobh in aice leis an teine.
Do thaithnigh fataí rósta go maith le asal Seáin Ruaidh. Chuaidh sí go dtí an teine agus bhí sí ar tí ceann de na fataí a ithe nuair a chonnaic an fear é. Rith sé anonn chuici chun í a thiomáint léi. Bhí sé bacach agus nuair a bhí sé ag teacht in a haice thuit sé síos ins an díoga idir dhá iomaire. Rith an asal anonn agus thosuigh sí ag léimnigh anonn 's anall treasna an fear. Bhí eagla ar an fear éirigh as sin agus b'éigin dó fanacht ann. Nuair a chonnaic an beirt mac é sin tháinig siad anoll chun a n-athar a shábháil. Rinne siad iarracht ar an asal a fhuagairt acht rith an t-asal in a ndiaidh agus d'fhuagar [> do ruaig] sise iad-san. Ritheadh sí anonn go dtí na fataí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballyrourke, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac an Bháird
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Ballyrourke, Co. Mayo