School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí doras an t-seomra fosgailte. Chuaidh an t-asal suas ann agus fuair sí an rópa agus thug sí abhaile léi in a béal í.
Lá eile thug Seán Ruadh "Beisín" ar iasacht arís do fhear óg a bhí in a chomhnuidhe in aice na háite. Céard a rinne an fear acht an ruball agus an mhuing a ghearradh dí. Nuair a tháinig an t-asal abhaile dubhairt Seán léi. "Cé'n fáth ar leig tú don fhear sin do ruball agus do mhuing a ghearradh díot? Tá tú millte anois." Chuaidh an asal amach sa bpáirc agus d'athruigh Seán nach raibh sí ag ithe ar a sástacht chor ar bith.
Thárla go ndeachaidh Seán don bhaile mhór an tráthnóna céadna. Bhí sé díreach in a seasamh amach os cómhair teach na Cúirte nuair a chonnaic sé "Beisín" ag teacht anuas an tsráid. Tháinig sí anuas chuige agus bhí sí ag iarraidh Seán a chuir isteach i doras tighe na cúirte chun go gcuirfeadh sé an dlíghe ar an fear do rinne an dochar dí. Acht do mheall Séan (d)í chun dul abhaile agus ciall a bheith aice.
Uair amháin bhí conacra ag Seán Ruadh agus ag fear eile i bpáirc amháin. An lá áirithe seo a bhfuilim ag dul ag trácht faoi bhí Seán agus(continues on next page)- Collector
- Úna Nic Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Mac an Bháird
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo