School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
Gliceas Bheisín

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Gliceas Beisín.

Bhí fear ann fadó. Seán Ruadh a b'ainm dó. Bhí sé in a chomhnuidhe ó dheas ó Cnocán a Mhíle. Bhí asal aige agus "Beisín" an t-ainm a thugadh sé uirthi. Do thuigeadh an t-asal gach rud a déarfadh Seán léi.
Lá amháin thug sé an t-asal ar íasacht do chomhursa dar'bh ainm Pádraic Ó Móráin le ualach móna a thabhairt abhaile ó'n bportach. Nuair a thug Seán an t-asal dó ar maidin chuir sé rópa gearr ar na cléibh chun nach mbeadh siad ag corruighe. Bhí go maith. Chuaidh Pádraic go dtí an portach agus thug sé an móin abhaile. Thug sé an t-asal thar n-ais go dtí tighe Sheáin agus chuaidh sé abhaile arís.
Taréis tamaill d'athruigh Seán Ruadh nár thug Pádraic Ó Móráin an rópa a thug sé dó ar maidin ar ais agus ar seisean leis an asal, "A Bheisín, chuireas rópa leat ar maidin chun na cléibh a choinneál díreach ort agus níor thug tú ar ais leat é".
I gcionn sgathaimh thug "Beisín" a aghaidh ar tigh Pádraic Ó Móráin. Chuaidh sí isteach agus thosuigh sí ag cuartú. Nuair nach bhfaca sí an rópa in aon áit do thosuigh sí ag plamsáil is ag ciceáil. Bhí leanbh ins an gcliabhán agus thug sí cic ins an súil dí agus bhí sí dall as sin amach.

(continues on next page)
Collector
Úna Nic Bháird
Gender
female
Address
Ballyrourke, Co. Mayo
Informant
Pádraig Mac an Bháird
Relation
parent
Gender
male
Age
76
Address
Ballyrourke, Co. Mayo
Language
Irish