School: The Neale (B.)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac an Bháird
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: The Neale (B.)
  2. XML Page 068
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear an uair amháin agus bhí sé an saidhbhir ar fad. Prodastúnach a bheadh é. Thárla go bhfuair sé bás nuair bhí sé i meadhon aois.
    Bhí buachaill aimsire aige agus gach maidin bhí air éirigh go moch agus a dhul amach chun féachaint ar na beithidh. Maidin amháin bhí sé amuigh agus bhí an fear saidhbhir beagnach bliadhain marbh an t-am seo,
    Bhí an buachaill ag dul treasna na páirce agus céard a dfeiceadh sé ag dul thart ar capall acht an fear saidhbhir. Bhí air rith acht ní raibh an misneach aige. Níor leig sé ar féin gur chonnaic sé an fear ar chor ar bith.
    Lá ar na mhárach bhí an buachaill amach mar an chéadna agus tháinig an fear arís agus gach eile lá in dhiaidh sin.
    Sa deireadh chonnaic an buachaill nach raibh taibhse an fhir saidhbhir ag teacht chun aon trioblóid a dhéanamh ar féin. Lá amháin suas leis é go dtí an fear agus dubhairt sé leis, "ce'n fáth go bhfuil tú ag teacht annseo gach lá ar an am chéadna", agus dubhairt an taibhse leis, "tar annseo thú fhéin ar an am seo amárach agus innseóchaidh mé dhuit."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    John Gibson
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Kildun More, Co. Mayo