School: Gleann Coirib (roll number 6763)

Location:
Glencorrib, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Hargadáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Coirib
  2. XML Page 312
  3. XML “An Gorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an mbliadhain 1847 bhí an gorta i nÉirinn. An bliadhain roimhe sin tháinic dubhcan ar na fataí agus milleadh go leor acu.
    An bliadhain i na diaidh sin ní raibh acht beagán fataí sa tír agus an chéad bhliadhain eile ní raibh fata ar bith ag na daoine i gcóir síl acht amháin beagán a bhí le n-ithe acu.
    An chruithneacht féin a bhí acu b'éigin dóibh í a thabhairt do riaghaltas Shasana leis an gcíos a íoc agus fágadh iad gan rud le n ithe.
    Dhíol siad a gcuid stiuc le beatha a cheannacht agus nuair a bhí an t- airgead caithte thosaigh siad ag goid mar ba mhaith leó mharachtáil chomh fada agus d'fhéadadar.
    Théigheadh siad amach agus rómhradh siad coinnleach ag iarraidh bliosgán a fhághail - sé sin fréamhacha fada bána - agus annsin bhruitheadh siad iad agus d'itheadh siad iad.
    Bhí fir, mná agus páistí ag fághail bháis leis an ocras agus nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Nuadháin
    Gender
    Male
    Address
    Bunnafollistran, Co. Mayo