School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sruthar (C.)
  2. XML Page 217
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cloch Aifrinn i gCorrach Mhuilinn, agus bhí sagart ag léigheamh Aifrinn ann lá amháin. Bhí fear in Átha Cinn, agus bhéarfadh sé cúig punt ar gach cheann sagairt a gheobhfadh sé. Bhí fear dar b'aim Maoldómhnaigh, agus bhí fhíos aighe go raibh an sagart i gCorrach Mhuilin. Rug sé ar an sagart, agus chuir sé rópa tuighe thar timpeall a mhuinéil. St George an t-ainm abhí ar an bhfear in Átha Cinn. Bhí Maoldómhnaigh ag dul suas go dtí St George leis an gcúig phunt a fhághail ar cheann an t-sagairt. Bhí sé ag dul suas an baile beag ar a tugadh 'Joyce Park' air. Tháinig fear anuas an bóthair ag marcuigheacht ar chapall, agus "Joyce" an t-ainm a bhí air. Dubhairt sé lé Maoldómhnaigh an sagart a leigint amach, agus dubhairt Maoldómhnaigh nach ndéanfadh sé é sin. Tháinig sé anuas dé'n chapall agus dubhairt se go marbhóchadh sé é muna leigfeadh sé amach an sagart, agus (?) chuir sé troid air go ndeachaidh an sagart as lámha Maoldómhnaigh. Chonnaic duine an sagart ag dul thar (?) Clúain bún Abhainn. Chuaidh Maoldómhnaigh abhaile, agus dubhairt sé go raibh sé an-tinn, mar bhí fhios aige go maith go raibh aithne ag a mnaoi, cá raibh sagart. Bhí a lán páístí acú, agus bhí sé ag iarraidh cúig phunt a fhághail. Dubhairt sé léithí fios a chur ar shagart, agus chuaidhsí ag lorg sagairt. Fuair sí an sagart, agus tháinig sé léithi. Nuair a bhí sé ag dul isteach go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Ghraoiligh
    Gender
    Female
    Address
    Gortluggagh, Co. Galway
    Informant
    Pat Greally
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Gortluggagh, Co. Galway