School: Sruthar (C.)
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sruthar (C.)
- XML Page 203
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí an gobán óg, ní raibh aon tsaor ins an domhan chomh dona leis. Bhí sé lá ag teacht abháile tar éis bheith ag toruigheacht oibre. Ní bhfuair sé aon obair. Bhí sé tuirseach, agus bhí droch-mhisneach ar. Thuit sé 'na chodhladh, agus é ag teacht abhaile. Pé ar bith uirlís a bhí aige, bhíodar i mála agus bhíodar le na ais, nuair a thuit sé ina chodhladh. Tháinig an sluagh sidhe nuair a bhí 'na chodhladh, agus geareadh a chuid uirlís dó, agus d'fhágadar ins an mála ar iadh. Nuair dhuisigh an gobán, chuaidh sé abhaile,. D'fiafruigh an bhean de an bhfuair sé an obair. Dubhairt an gobán nach bhfuair, "Níl aon neart ag air" adeir sí. D'fan sé annsin go ceann trí nó ceathair de laetheanntaibh, agus d'imthigh sé arís go h-áit a raibh teah mór eile dá dhéanamh. D'iarr sé ar an mháighistir dó bhí ann, obair a thabhairt dó. Bhí an máighisthir agus an lucht oibre ag dul chuig a mbreicféasta, nuair a tháinig an gobán agus dubhairt an gobán leis: "Céard a bhéas mé a dhéanamh go dtigidh sibh". "O! bhí déanamh cait, agus a dá ruball" ar'san máighisthir. Do bhí ar an lucht oibre ag magadh faoi, agus d'imthigh síad leo le biadh do chaitheamh. Nuair tháinig sé ar ais, bhí cat cloiche déanta ag an ngobán, agus dhá ruball air. agus ní fhaca dhuine ar bith arismh cat do b'fheárr na é.(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Mocollagan, Co. Mayo
- Informant
- Mrs Melia
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Address
- Mocollagan, Co. Mayo