School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 188

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 188

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sruthar (C.)
  2. XML Page 188
  3. XML “An Nogadóir - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó, agus fadó a bhí. Bhí roinnt maith fiacha air., bhí an cíos le níoc aige, agus a lann earraidhe i siopaí. Do chuir sé gort maith cruithneachta dó féin. Do tháinig na daoine seo a bhí na fiacha acú air, ag iarraidh air iad d'íoc. D'iarr sé am ortha go ndíolfadh sé an cruithneacht. Nuair a bhían cruithneacht aibidh aighe do réidhrigh sé í féin lé h-aghaidh and mhargaidh. Do thóg sé cairt go Tuaim go moch ar maidin. Nuair a bhí sé in aice le Gleann Seabhac, casadh fear air, agus dubhairt sé go gceanneócadh sé an cruithneacht. Rinne sé an margadh. Do thóg sé é isteach i mbóthar mór breagh, bóthar nach bhfaca sé riamh roimhe sin.
    Nuair a chuaidh sé isteach bhí caisleán breagh roimhe, agus do thóg an fear a bhriocfeásta dó. Mar gheall go raibh sé ina shuidhe go moch an mhaidin sin, do thuit sé ina chodladh, agus níor dhúisigh sé ar feadh bliadhna. Do shíl a bhean go raibh sé caillte, agus bhí sí ag dul i bpósadh, nuair a bhí an bhlian caiththe bhí sí bocht, agus sí an t-airgead-pósadh a bhí aice chun a tabhairt don sagart, muc. Bhí faitchíos ar an sagart go mbeadh fhios ag na daoine an chaoi a d'íoc an bhean an pósadh, agus do chuir sé a buachaill i gcoinne na muice sul ar éirigh na daoine ar maidin.
    Do dhúisigh an fear a bhí imithe leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Ceileacháin
    Gender
    Female
    Informant
    James Keleghan
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60