School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sruthar (C.)
  2. XML Page 167
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Scéal
    An oidhche ag teacht orm, agus níl coinneall, ná crann soillse, píopa ná tobac agam, ná pighinn lé na bhfághail." "Dona go leór," ar sise, "acht níl neart air." Caithfidh na buachaillí beaga dul thart ar fud an bhaile go gcruinneóchail[?] síad an oiread is a cuirfidh í.
    Chuaidh beirt ná triúr thar agus chruinnigh síad trí punt cúig déag i sé pighne. Cheannuigheadh coinnlí, píopaí, agus tobach. Chuir mac na mná an t-earr ós bárr dé'n airgead ina phóta, agus bhí pighinn deas aige. Chruinnigh cómhursana an bhaile, sean agus óg isteach ag an torramh.
    Chaith síad seal dé'n oidhche ag urnaighe, agus seal eile ag cainnt is ag caitheamh tobach.
    Nuair a bhí sé i ngar do'n lá, b'áil leobhtha rud lé n-ithe bheith acú. Chuir síad pota ar ar teine, agus chuir síad isteach bainne, agus min a thug síad leóbhta, agus rinne síadh leis bán. Chómh luath is a bhí an leite bruichte agus an pota tógtha, do thug mach na sean mná prioc de shnáthaid mhóir dá mháthair. Chuir[?] sise bheic aisti. Déirigh sí aniar, agus shul[?] sí ar an mbord. Amach lé gach uile [?] ag siubhal is ag tuitim ar a céile. Ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Mhuineacháin
    Gender
    Female
    Address
    Shrule, Co. Mayo
    Informant
    John Meneghan
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Shrule, Co. Mayo