Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Shrule, Co. Mayo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus ní raibh [?] chúram air acht é féin agus a mháthair, acht bhí a sháith annsin, mar bhí sé féin leath bhriodhthe agus go dúil mór ins an obair aige. Ní fhéadadh sé coraidheacht a dhéanamh. Dhéanadh fear eile na barraí do bhaint agus ó ba rud é go raibh bun aoise mhaithe i gceann a mháthar, ní raibh sé i n freastail a dhéanamh air, ná congnamh ar bith a thabhairt dó leis an obair a chur ar aghaidh.
    Aimsear droich-shaoghail a bhí ann, agus gan mórán lé spáráil ag duine ar bith, agus bhí an tsean-bhean agus an mac cráidht go leór. Ní raibh earraidhe ná airgead ná beathughadh lé fághail acú san ná ag aon duine eile. Ní raibh ceo ag an mac lé go gceannóchadh sé greim le n-ithe dó féin agus dá mháthair, is dubhairt sé lé na mháthair lá gur baoghlach go gcaithfeadh sí bás d'fhághail. Cad chuige a bhfaghainn-sé bás acht an oiread leat-sá? ar sise leis. "Ní theastuigheann an bás uaim" adeir sí, "agus ní fhághfaidh mé an seo gur toil lé Dia fios a chur orm" "Mhac eadh ar seisean, caithfidh mise neart éigin a fhéacaint lé slighe fhághail a bhéarfas bea [?] dúinn, agus dá leigfeá-sa bás bréige or
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Mhuineacháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Shrule, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    John Meneghan
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Shrule, Co. Mayo