School: Sruthar (C.)
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gearradh amach an talamh faoi chóir na troda, agus thosuigh siad ag caitheamh sleagh .le na chéile. Ní raibh an mac ag caitheamh a shleagh féin ach go fánach, mar níor mhaith leis a athair a ghortuigheadh, ach ba mhaith leis a feiceál cén chaoi an raibh an tsean Laoch i ndon a shleagh a chaiteamh. Bhí Cú Culainn ag caitheamh ar a mhíle dhícheall ag iarraidh an duine eile a cur faoi chois. Chaith sé sleagh agus chuir sé tré chroidhe a mhic é, agus mharbhuigh sé é. Tháinig Cú Chulainn suas gur bhuail sé glúin ar a ucht, agus sin é an uair a chonnaic sé an fháinne óir ar a mhéar. Is annsin d'aithnigh sé gurbh é a mhac féin a bhí marbh aige. Sin é an uair a thosuigh sé ag gol agus ag garthaoil. Thug an mac fuil a chroidhe ar an áit, agus dimthig an fuil siar le sruth, agus ón lá sin go dtí an lá seo, tugtar Sruth-Fhuil ar an áit sin. Is ar éigin a bhí Cú Chulainn i ndon dul chomh fada le Cuíge Laighean, agus ba ghearr in a dhiaidh sin go bhfuair sé bás, mar bhí a chroidhe briste fá'n sgrios a bhí déanta aige, a mhac féin a mharbhú.(From Miss Kean, Kilcurrif, Cummar. She heard the story from her Father who is dead)
- Collector
- Máire Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Informant
- Miss Keane
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Kilcurriv Eighter, Co. Galway