07/05/2018 Weekly Pick  (See more »)

School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin

Filter stories

Back
/ 269 Forward
Resolution: Low | High
Caoineadh Chú Chulainn i Sruthar

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Caoineadh Cú Chulainn i Sruthar

Nuair a bhí na trí cúigí buailte ag Cú Chulainn agus iad go léir faoi chois aige, dubhairt sé go dtabharfadh sé aghaidh ar Chúige Uladh. Bhí sluagh mór gaisgidheach in éinfeacht leis. Sul má d'fhág sé Cúige Laighean bhí a bhean ag súil le clann, agus thug sé fáinne dí, agus dubhairt sé leithi dá mba mac a bhéadh aice gan é a ligint as a h-amharc in áit ar bith, nó go mbéadh a mhéar i ndon an fáinne sin a líonadh, agus nuair a bhéadh, cead a chinn a thabhairt dó.
Nuair a bhí sé in aois fiche bliadhan, bhí sé chomh mór le faitheach, agus rinne ladhair a láimhe an fáinne do líonadh. Agus é ag fás suas faoi chúram a mháthair, chuala sé tracht go minic ar na gníomhartha a rinne a athair, Cú Chulainn. Dubhairt sé nach stopfadh sé go deo go rachadh sé fá dhein a athar go bhfeicfeadh sé cén sórt fear a bhí ann. Thug sé leis sluagh mór eile gaisgidhe tréana, agus thug sé a ghaidh ar Chúige Uladh. Siar i Sruthar, ar theórann Co. Muigeo agus Conndae na Gaillimhe a casadh ar a chéile iad (Sluaighthe Ulaidh agus sluaighthe Laighin, sluaighthe Cú Chulainn agus sluaighthe a mhic.) Cuir an dá gaisgidheach mór cath ar a chéile, agus d'aithnigh an mac an tAthair, ach ní raibh aithne ag Cú Chulainn ar a mhac.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Chatháin
Gender
female
Informant
Miss Keane
Relation
unknown
Gender
female
Address
Kilcurriv Eighter, Co. Galway
Language
Irish