School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin

Filter stories

Back
/ 269 Forward
Resolution: Low | High
Sruthar (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Nuair a bhíos ceo le gealach nua is maith an cómhartha é. Ceo le sean ghealaigh is cosamhlacht báistighe é. Nuair a bhíos na cnuic i bhfad uainn ag féachaint i ngar dúinn is cómhartha báistuighe é. (From Father James Keleghan, 60yrs) (Treasa Ní Cheileacháin. Deirín).

Nuair a bhíos an spéir dubh dorcha is cómhartha báistuighe é. Nuair a éirigheann an ghrian dearg is cómhartha droch-aimsire é. Tagann báisteach nuair a bhíonn a lán réalta ina an spéir. Tagann báisteach nuair a thuiteann sugha ó'n simléar. Nuair a éirigheann an tráthnóna socar ciúin, tar éis lae gairbh is cómhartha baistiughe é. Is cómhartha seaca nuair a thagas an spideóg go dtí an doras. Is cómhartha droch aimsire é nuair a lúigheann na préacháin i líne fada ar an mballa. (From Father Hugh Cahill, 60 yrs) (Máire Ní Cathail, Carramór).

Bíonn fuaim na gaoithe faoi an doras nuair a bhíos an báisteach ag teacht. Nuair a bhíos sneachta ag teacht, bíonn an cat ag crónán ag an teine agus tagann an spideóigín cuig an doras. Bíonn an ghaoth an fhuar, agus an oidhche an dubh.
Nuair a bhíos sioc ag teacht, bíonn na laetha geal agus bíonn a lán réalta ins an spéir ins an oidhche. Nuair a bhíos Cruach Phádraig le feiceál go soiléir is maith an cómhartha é. Nuair a bhíos a lán beacha a na bóithribh; sin cómhartha báistighe.
(From Father Stepehn McDonagh 55 yrs) Caitlin Ní Dhonnacha, Ramdlinn.

Collector
Caitlín Ní Dhonnacha
Gender
female
Address
Ramolin, Co. Mayo
Informant
Stephen Mc Donagh
Relation
parent
Gender
male
Age
58
Address
Ramolin, Co. Mayo
Language
Irish