Nuair a bhíos ceo le gealach nua is maith an cómhartha é. Ceo le sean ghealaigh is cosamhlacht báistighe é. Nuair a bhíos na cnuic i bhfad uainn ag féachaint i ngar dúinn is cómhartha báistuighe é. (From Father James Keleghan, 60yrs) (Treasa Ní Cheileacháin. Deirín).
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Nuair a bhíos an spéir dubh dorcha is cómhartha báistuighe é. Nuair a éirigheann an ghrian dearg is cómhartha droch-aimsire é. Tagann báisteach nuair a bhíonn a lán réalta ina an spéir. Tagann báisteach nuair a thuiteann sugha ó'n simléar. Nuair a éirigheann an tráthnóna socar ciúin, tar éis lae gairbh is cómhartha baistiughe é. Is cómhartha seaca nuair a thagas an spideóg go dtí an doras. Is cómhartha droch aimsire é nuair a lúigheann na préacháin i líne fada ar an mballa. (From Father Hugh Cahill, 60 yrs) (Máire Ní Cathail, Carramór).
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bíonn fuaim na gaoithe faoi an doras nuair a bhíos an báisteach ag teacht. Nuair a bhíos sneachta ag teacht, bíonn an cat ag crónán ag an teine agus tagann an spideóigín cuig an doras. Bíonn an ghaoth an fhuar, agus an oidhche an dubh. Nuair a bhíos sioc ag teacht, bíonn na laetha geal agus bíonn a lán réalta ins an spéir ins an oidhche. Nuair a bhíos Cruach Phádraig le feiceál go soiléir is maith an cómhartha é. Nuair a bhíos a lán beacha a na bóithribh; sin cómhartha báistighe. (From Father Stepehn McDonagh 55 yrs) Caitlin Ní Dhonnacha, Ramdlinn.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »