School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sruthar (C.)
  2. XML Page 123
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainm agus seóladh an sgéaluidhe: Séamus Ó Ceileacháin
    Deirín, Sruthar.
    Aois: 60
    Bhí beirt dearbhrathair ann fadó.
    Thugar Micheál agus Seán ortha. Bhíodar ann bhocht. In éineacht lena bheith bocht bhíodar ann leithsgeamhail freisin.
    Maidin lae Nodlag amháin, ní raibh le n-ithe acu acht pota beag fataí. Ní raibh le na bhruitheadh acht cúpla cipíní fuara. Bhí sé timcheall 'na deich a clog, nuair a dhúisigh siad ar maidin. "Éirigh, a Mhicheál," adeir Seán, agus féach amach cén sórt maidin é. D'éirigh Micheál agus d'fhéach sé amach an fhuinneóg bheag.
    "Maidin fliuch atá ann" adeir sé.
    "Cuir síos teine agus bruith an pota fata sin, aguis éirióchaidh mé féin nuair a bhéidh siad bruite, adeir Seán.
    "Is fada go mbeidh siad bruite, mar níl againn acht cúpla cipíní le teine a dhéanamh," adeir Micheál.
    Dubhairt Seán: "Sin é an chaoi is fuide a mhairifidh siad. Nuair a bheidh siad bruite, agus nuair a bheidh siad ithte, ní bheidh aon rud eile le n-ithe againn." Chuir sé síos an teine ar chaoi ar bith, agus chroch sé na fataí. Is bhí an t-ocras ag teannadh leobhtha. "Níl fhios agam céard
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Céileacháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Shrule, Co. Mayo