School: Sruthar (C.)

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin

Filter stories

Back
/ 269 Forward
Resolution: Low | High
Sruthar (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

I bpáirc in aice ár dteach, tá cloch an-mhór agus faoi an gcloich mhóir sin, deirtear go bhfuil pota óir. I bhfad, i bhfad ó shin, bhí na daoine ag iarraidh na cloiche mhóire a thógáil ón áit, agus pota óir a fhágáil freisin, ach nuair a bhí siad ag iarraidh é a thógáil ón áit, deirtear gur chuir an cloch mhór insna bpoll a rinne siad. Deirtear freisin gur chuir na sídheoga an pota óir ann, mar bhí fear insa gceanna agus deirtear gur thug sé congnamh do na sídheóga uair amháin, agus nuair a fuair an fear sin bás, níorbh féidir le aon duine eile an pota óir a thógáil ón áit sin amach.
Muireann Ní Chonnalta, Cille
Tom Nalty, Kille, Aged 80yrs
Ó a sean athair

Deirtear go bhfuil trí potaí ór i bpáirc m'athar agus dúnláir a thugtar ar an bpáirc sin. Deirtear freisin gurbh ia na Tuatha De Dannan a chuir an t-ór ann. Tá sé míle nó mar sin ó Shruthar. Uair amháin bhí fear ina chónaí i nGaillimh agus chuala sé go raibh potaí ór i bhfolach i nDúnla. Tháinigh sé go Bóthar na Macha, agus do chasadh sean bhean leis. D'iarr sé uirthi an raibh fhios aici cá raibh na photaí ór i bhfolach. Theasbáin sí an óir dó, agus dubhairt sí freisin go raibh easóg in a shuidhe ar a cheann acu, cat ar cheann eile agus iasg ar cheann

(continues on next page)
Collector
Mary Cahill
Gender
female
Address
Carrowmore, Co. Galway
Informant
Hugh Cahill
Relation
parent
Gender
male
Age
50
Address
Carrowmore, Co. Galway
Language
Irish